Cáit Uí Chonláin

Ba bhean álainn, ghnaíúil, fháilteach agus lách í Cáit Ní Choistealbha, mamó ár máthar.  Ní raibh aithne againne uirthi, ach bhí an t-ádh lenár máthair Caitríona gur tógadh ina teach í. Na cuimhní is luaithe atá aici di ná í ag inseacht scéalta dhóibh agus iad ar a ngogaidí ag éisteacht léi. Bhí cáil ar Cháit nó Kate Sheáin Tom mar amhránaí agus mar scéalaí agus is iomaí duine a tháinig ó i gcéin agus i gcóngar chun cainte léi, le hamhráin, seanchas agus scéalta a bhailiú uaithi.

Rugadh Cáit i mBaile an Domhnalláin, an Spidéal sa mbliain 1886.  Iníon í le Bríd Ní Neachtain nó Bríd Sheáin Eoin agus Seán Ó Coistealbha as Baile an tSagairt. Ní ón ngaoth ná ón ngrian a fuair sí bua an cheoil, mar bhí cuisle an cheoil aici ón dá thaobh.  Bhí cáil ar a máthair Bríd mar amhránaí agus mar scéalaí.  Bhí píosa scríofa fúithi sa Curadh Chonnachtach a foilsíodh ar an 20 Feabhra 1926 i ndiaidh a báis:

“Mrs Costelloe was not alone a fount of Irish Tradition, but an exceptionally good Irish singer.  She won several prizes at the Oireachtas three years in succession about twenty years ago, both for songs and old-style tales.”

Go deimhin, dúirt Amelia Uí Chonláin, mamó s’againne, bean chéile a mic Finian, gur chuala sí Cáit ag rá gur chuir Lady Gregory píosa airgid i lámh a máthar (Bríd Ní Neachtain).  Bhí sé ráite gur bhunaigh Pádraig Mac Piarais an scéal ‘Bríd na nAmhrán’ uirthi, ach cá bhfios! Ar a laghad tá a fhios againn go mbíodh daoine ó Chonamara ag dul chuig an Oireachtas ag tús an chéid seo caite.  Bhíodh sí ag glacadh páirt i bhfeiseanna freisin ar fud an chontae.  Is óna máthair a fuair Cáit na hamhráin agus na scéalta.  

Fógra báis Bhríd Uí Choistealbha

Bhí ceol sna Coistealbhaigh iad féin. Ba dheartháir é Seán, athair Cháit, le Páidín Tom. Bhíodh an-éileamh ar Pháidín ag casadh na feadóige móire ag bainiseacha agus teidhmeanna sna tithe áitiúla. Bhíodh sé ag casadh in áiteacha chomh fada ó bhaile le Baile Locha Riach. Ba iad na Bunburys na tiarnaí talún a raibh cónaí orthu i mBaile an tSagairt agus An Manor a thugtaí ar an teach.  Phós duine de na Bunburys Palmer agus ba í Lady Palmer an tiarna talún ina dhiaidh sin.  Chuirtí fios ar Pháidín le ceol a sheinm sa Manor.

Ba é Páidín athair Tom Pháidin Tom Uí Choistealbha.  Fágann sin gur chol ceathracha iad Kate agus Tom.  Bhí ardmheas ar Tom Pháidín Tom agus bhí clú agus a cáil air mar amhránaí.  Bhíodh sé ag gabháil fhoinn i mBéarla agus i nGaeilge chomh maith le portaireacht béil.  Tá Tom Pháidín Tom sa Guinness Book of Records de bhrí gurbh é an duine ba shine a rinne taifeadadh ar fhadcheirnín é. Bhí deartháir ag Kate, Pat Sheáin Tom, a bhí in ann an fheadóg mhór a sheinm freisin. Dála an scéil bhí Pat Sheáin Tom gníomhach sna hÓglaigh aimsir na nDubhchrónach i gCois Fharraige agus ba é teach a mhuintire in íochtar Bhaile an Domhnalláin ar cheann de na céad tithe a dódh sa Spidéal.  Teachín ceann tuí a bhí ann agus níor tháinig saor ón tine ach pictiúr den Chroí Rónaofa.  Thóg deartháir Cháit, Johnny Bán, an teach arís agus chuir sé ceann slinne air. Tá muintir Uí Choistealbha lonnaithe ann go fóill, bail ó Dhia orthu.

Bunaíodh Coláiste Chonnacht, coláiste Gaeilge sa Spidéal in 1910.  Tharraing sé seo go leor daoine chuig an Spidéal le Gaeilge a fhoghlaim agus le blaiseadh a fháil den chultúr Gaelach. Bhíodh feiseanna, drámaí agus céilithe dhá reáchtáil ann agus bhíodh Cáit ag gabháil fhoinn ag na feiseanna.  Duine de na scoláirí a chaith seal i gColáiste Chonnacht i 1914 ná Micheál Ó Conláin as an Muileann gCearr.  Fear a bhí mar bhall de Chonradh na Gaeilge ag an am é agus bhí sé mar thimire Gaeilge ina dhiaidh sin.  Deirtear go ndeachaigh sé faoina seál le foscadh a fháil ó mhúr báistí.  Níl a fhios againn cé a mheall cé, ach sin tús scéal na beirte!  Phós an lánúin ar an 8 Eanáir 1915, i gCill Éinde sa Spidéal.  Ba é an Canónach McElhinney a phós iad.  Bhog siad go Baile an tSagairt in 1922.  Bhí deichniúr de mhuirín acu, cúigear mac agus cúigear iníon. Ba iad sin Philip, Luan, an cúpla Gráinne agus Nuala, Magdalen, Finian, Seán, Brendan, Festy agus Eithne. 

Bhí siad ar fad in ann stéibh d’amhrán a chasadh ach ba é Festy a bhain clú agus cáil amach ar an bhfeadóg stáin.  Bhí Festy ar an Late Late Show uair amháin agus rinne Gay Byrne caidéis de cé chomh binn agus a bhí an ceol a bhain sé as uirlis shimplí mar an fheadóg stáin.  Bhí sé thar barr ag casadh foinn mhalla.  Thug sé leis na foinn seo óna mháthair Cáit agus chas sé iad mar a chanfaí iad mar bhí focail na n-amhrán aige agus bhí sé in ann mothúcháin na n-amhrán a léiriú sa gceol; amhráin ar nós ‘Coinleach Ghlas an Fhómhair’, ‘An Goirtín Eornan’,  ‘Domhnall Óg’ agus ‘Sail Óg Rua’.  

Idir 1928 agus 1931 rinne an Dr Wilhelm Doegen taifeadadh ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge ar iarratas ón rialtas. Rinneadh taifeadadh de Cháit ag casadh ‘Caisleáin Uí Néill’ in Ollscoil na Gaillimhe ar an 17 Meán Fómhair, 1930. Cuireadh a hainm síos mar ‘Kate Conlan’.  Tá an taifeadadh seo mar aon leis na taifeadtaí a rinneadh de 37 duine eile le fáil i gcartlann Ollscoil Humboldt i mBeirlín agus ar an suíomh https://doegen.ie Tá sí le cloisteáil mar aon le hamhránaithe eile ón gceantar ar an gceirnín Tabhair mo Ghrá go Conamara.  Ba é Terry Yarnell, bailitheoir ceoil ó Shasana, a rinne an taifeadadh ar na hamhráin atá ar an dlúthdhiosca seo ag tús na seachtóidí.  Cé go raibh sí os cionn ceithre scór bliain d`aois, tá dhá amhrán dá cuid air: ‘An Saighdiúirín Singil’ agus ‘Coinleach Ghlas an Fhómhair’.

Is iomaí duine a chas isteach Tigh Chonláin i mBaile an tSagairt.  Dá mbeadh ballaí an tí in ann labhairt, is cinnte go mbeadh an oiread scéalta acu faoi na carachtair agus na hoícheanta áirneáin a bhíodh sa teach.   Bhíodh Gaeilgeoirí ag teacht aníos ón gColáiste ag teacht chun cainte le Cáit. Is iomaí caint agus comhrá a bhíodh aici leo ar leic an tí agus iad faoi gheasa ag éisteacht go haireach léi agus í ag inseacht scéalta dóibh.  Níl a fhios cé na scéalta a bhí aici, scéalta sí agus cinn eile ar nós ‘Coilín Ó Cuanaigh’ agus ‘Hiudan, Diudan’ agus ‘Domhnall Ó Laoire’.  Bean mhór tomhaiseanna a bhí inti freisin, agus dhéanadh sí cur síos ar nósanna agus ar phiseoga an cheantair.   Bhíodh na múrtha fáilte aici roimh chuile dhuine agus chaitheadh sí uaireanta cloig ag caint leo.

Tháinig baill de The Dubliners le Cáit agus Festy a fheiceáil agus tá cúpla scéal barrúil ann faoi Luke Kelly nuair a d’fhan sé thar oíche.  Tháinig Liam Clancy é féin ar cuairt leis an mbailitheoir ceoil Diane Hamilton (Guggenheim).  Tá cur síos déanta ag Liam Clancy ar an gcuairt sa leabhar a scríobh sé faoina shaol: The Mountain of the Women: Memoirs of an Irish Troubadour.  Rinne an t-amhránaí Albert Fry taifeadadh uirthi nuair a bhíodh sé ag fanacht sa teach agus bronnadh na taifeadtaí sin ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste.   Luaigh Máire Ní Scolaí go bhfuair sí amhráin ó Cháit freisin sna nótaí ar chúl a ceirnín sise, Máire Ní Scolaí, a d’eisigh Gael-Linn faoin lipéad Ceolta Éireann in 1971.

Tháinig go leor bailitheoirí ceoil eile chuig an gceantar ó RTÉ, Gael Linn agus ón Acadamh Ríoga.  Thug sí amhráin agus scéalta do Chiarán Mac Mathúna, Phádraig Ó Raghallaigh agus do Shéamus Ennis.  Tá a cuid amhrán agus scéalaíochta i gcartlanna RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Acadamh Ríoga na hÉireann.  Bíonn sé de phléisiúr againn a bheith ag éisteacht léi ar an raidió ó am go ham.  Táimid go mór faoi chomaoin na ndaoine seo ar fad a rinne na taifeadtaí di agus a choinnigh i dtaisce iad.  

Bhásaigh sí sa mbliain 1974 agus cheithre scór agus seacht mbliana d’aois slánaithe aici.  Nach iomaí duine a chas uirthi le linn a saoil, ach is cinnte go raibh a saol níos saibhre de bharr an cheoil agus an tseanchais.

 

Scríbhneoirí: Áine Ní Laoi agus Cillian Ó Laoi, Baile an tSagairt. Meitheamh 2021.

Ba í Cáit Uí Chonláin mamó a máthar, Caitríona Uí Laoi (Ní Chonláin).

Buíochas le Bríd Nic Dhonncha a d’aimsigh an t-ábhar i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le RTÉ RnaG a thug cead dúinn é a fhoilsiú.

Tuilleadh eolais:

Caisleán Uí Néill - Kate Conlan | The Doegen Records Web Project

https://tuairisc.ie/na-halbaim-is-fearr-scoth-an-cheoil-thraidisiunta-o-2019/

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Pauline Nic Chonaonaigh

Next
Next

Jimmí Chearra