Mary Bergin
As Baile Átha Cliath ó thús do Bhanríon na Feadóige ach is luaite go láidir leis an Spidéal atá Mary Bergin anois. Tá a lorg fágtha aici ar chúrsaí ceoil i gcoitinne gan trácht ar an gcáil atá tarraingthe aici ar cheantar Chois Fharraige. Muintir Uí Choisdealbha, Oisín, Fionnán agus Ainnir a scríobh an t-alt seo.
Mícheál Darby Ó Fátharta
Is sna hAille, Indreabhán, a rugadh agus a tógadh an ceoltóir mileoidin, Mícheál Darby Ó Fátharta. Tá sé fós ina chónaí ina bhaile dúchais in éineacht lena bhean, Odí Ní Chéilleachair agus a gcomhluadar. A bheirt iníonacha, Damhnait agus Déithín Ní Fhátharta, a scríobh an t-alt seo.
Michael Mheáirt Ó Coisdealbha
Is i gCor na Rón Láir, baile mór na gceoltóirí, a bhí cónaí ar Mhichael Mheáirt Ó Coisdealbha, a bhean Barbara agus an comhluadar. Tá cuimhne air mar cheoltóir breá a bhí i gcónaí sásta cúnamh a thabhairt don dream óg. ‘Bíodh do stíl fhéin a’d, agus ná bí ag aithris ar dhuine éicint’, an chomhairle stuama a chuireadh sé orthu! Is é Torloch Ó Coisdealbha, garmhac leis an máistir mór, a scríobh an t-alt seo.
Micheál Ó hEidhin
Ceoltóir, cumadóir, craoltóir, comhairleoir, cigire, ceannródaí – b’fhear ildánach, fadbhreathnaitheach é Micheál Ó hEidhin a d’fhorbair agus a shaothraigh cúrsaí ceoil agus amhránaíochta i gConamara agus in Éirinn. Sna Doiriú i gCasla a chaith sé tús a shaoil agus is ar an mBaile Ard sa Spidéal a thóg sé féin agus a bhean, Máire Ní Oibicín, a gclann. Aimée Ní Eidhin, gariníon Mhichíl, a scríobh an cuntas seo.
Neansaí Ní Choisdealbha
Is as Cor na Rón i gCois Fharraige don fhliúiteadóir Neansaí Ní Choisdealbha agus tá sí ina cónaí anois i nDoire Bhanbh, Scríb. Is ag plé go lánaimseartha le ceol atá sí óir is ise Eagraí Ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is í Róisín Ní Raifeartaigh scríbhneoir an ailt seo.
Nóirín Ní Ghrádaigh
As Contae na Mí, de bhunadh Chloich Cheannfhaola i nGaeltacht Thír Chonaill agus Chluain Cearbán Mhaigh Eo, do Nóirín Ní Ghrádaigh, bean atá ag cur fúithi anois ar an Teach Mór lena beirt iníonacha. Bhain sí an-sásamh as na blianta a chaith sí le Banna Céilí Naomh Pádraig. Ógánaigh na háite atá ag baint leasa anois as cúlra Nóirín mar is ise a bhunaigh agus a stiúrann Banna Céilí Loch Lurgan, grúpa a bhfuil 13 déagóir as Cois Fharraige ann. Is iad Róisín agus Caitríona Ní Raifeartaigh a scríobh an t-alt seo faoina máthair.
Pádraig Ó Dubhghaill
De mhuintir cheolmhar Uí Dhubhghaill é Pádraig agus is ón gCoill Rua é. Bhí seacht mbliana déag slánaithe aige sular phioc sé suas an giotár agus níor leag sé síos ó shin é! Tá MA sa gceol aige agus chuile stíl ar a thoil aige, ach is sa gceol traidisiúnta atá a chroí. Is giotáraí gairmiúil é agus tá an-tóir ag ceoltóirí agus amhránaithe ar a scileanna tionlacain.
Róisín Seoighe
Níl aon fhaitíos ar Róisín Seoighe dul ag plé le seánraí éagsúla ceoil agus tá sí chomh compordach céanna ag casadh an tsean-nóis sa mbaile i Ros a’ Mhíl Uachtair is atá sí ag casadh sa stíl indie ar ardáin mhóra na hEorpa. Is damhsóir, ceoltóir agus cumadóir í an bhean óg seo a bhain amach céim sa gceol ó Ollscoil na Gaillimhe le deireanas.
Rónán Browne
As Baile Átha Cliath ó thús don phíobaire, Rónán Browne agus tá sé ina chónaí sa Spidéal le breis is 20 bliain. Téann a cheangal le Cois Fharraige níos faide siar ná sin mar bhí teachín ceann tuí ag Muintir Browne ar an mBántrach agus chaitheadh siad cuid mhaith den samhradh sa gceantar. Is ceoltóir gairmiúil é Rónán: casann sé go haonarach agus le ensembles éagsúla agus is innealtóir fuaime chomh maith é. A chairde óga, Muintir Riggott, a scríobh an t-alt seo faoi.
Stiophán Mac Suibhne
As an Sián Rua sa Spidéal do Stiophán Mac Suibhne agus is ann atá sé fós ina chónaí. Casann Steve, mar is fearr aithne air, an fheadóg, an cairdín agus an mileoidean agus tá blianta fada caite aige ag múineadh ceoil fud fad Chonamara. Is iad muintir Uí Mhurchú: Aébfhinn, Cormac, Dylan, Fionn, Caoimhe, Fiachra, Cuán & Caoilfhionn a scríobh an t-alt seo.
Luisne Ní Neachtain
Is ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh agus a tógadh Luisne Ní Neachtain agus tá cónaí anois uirthi i Ros a’ Mhíl. Ach oiread lena deirfiúr Aisling, is minic í ag tacú le hócáidí ceoil sa gceantar. Tá an iliomad lúibíní scríofa aici do dhaoine óga a bhíonn ag tabhairt faoi na comórtais ag Oireachtas na Samhna. Is iad Clíodhna, Laoise agus Saoirse Ní Neachtain a scríobh an t-alt seo faoina n-aintín.
Pádraic Seoighe
Joycey a thugann a chairde agus a lucht leanúna ar Phádraic Seoighe, fonnadóir, ceoltóir agus cumadóir as Baile Láir, Ros a’ Mhíl. Ina chónaí i gcathair na Gaillimhe atá Pádraic agus tá sé ag plé go lánaimseartha le cúrsaí ceoil. Tá glór domhain, binn aige atá in oiriúint don sean-nós, do na gormacha agus don roc-cheol féin. A chol cúigir óg, Abbie Ní Chadhain a scríobh an cuntas seo ar Phádraic.
Ruairí Mac Con Iomaire
Is as Baile Átha Cliath é Ruairí ach tá sé ina chónaí i Ros a’ Mhíl le fada. Tá an-suim aige i chuile chineál ceoil agus is amhránaí agus ceoltóir é féin. Is eisean a ritheann agus a bhíonn ina fhear an tí ag an seisiún seachtainiúil gach Déardaoin i dTigh Mholly ar an Lochán Beag in Indreabhán. Is iad Saoirse, Caomhán agus Lughán Mac Con Iomaire a scríobh an t-alt seo faoina n-athair.
Traolach Ó Conghaile
Is i mBaile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, a rugadh an fonnadóir agus an ceoltóir Traolach Ó Conghaile ach tá sé ag cur faoi sa Spidéal le fada. Tá Traolach ag múineadh i Scoil Sailearna agus tá agallaimh bheirte agus drámaí go leor cumtha aige agus lorg a láimhe le feiceáil i gcónaí ag Oireachtas na Samhna agus ag an bhFéile Scoildrámaíochta.
Toner Quinn
Rugadh Toner Quinn ar an Tulach i mBaile na hAbhann agus tógadh é ar an gCeathrú Rua agus i mBré, Co. Chill Mhantáin. D’fhoghlaim sé an fhidil ó Tom Glackin agus rinne sé céim sa cheol i bPort Láirge. Tá sé ina eagarthóir ar an Journal of Music, iris cheoil a bhunaigh sé in 2000. Tá sé ina chónaí i Leitir Péic sa Spidéal.
Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta
As na hAille don cheoltóir agus don fhonnadóir Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta. Is alt é seo atá bunaithe ar phíosa seanchais a rinne sé le hAnna Nic Lochlainn.