Scéal an Mhileoidin
Mar chuid den togra Taisce Chois Fharraige, d'fhiosraigh Séaghan Ó Braonáin an mileoidean, uirlis a bhíodh i chuile theach fadó. Labhair sé le Mícheál Darby Ó Fátharta, Johnny Óg Connolly agus le Seosamh Ó Neachtain faoi chomhdhéanamh na huirlise féin, faoin stair a bhaineann léi, faoin bhfáth ar imigh sí ar léig ar feadh píosa, faoi thionchar Johnny Connolly ar athbheochan na huirlise agus faoi staid reatha an mhileoidin sa gceantar. Dar ndóigh casadh cúpla port agus damhsaíodh cúpla steip. Is i dTigh Mholly ar an Lochán Beag a rinneadh taifeadadh ar an gclár seo agus tá muid buíoch de Pheadar Ó Máille a chuir chuile chóir orainn. Foireann léirithe: Seán Breathnach, Fionn Ó Sealbhaigh, Conor O'Donnell & Odí Ní Chéilleachair.