Erin Nic Eoghain

Is muinteoir bunscoile í Erin Nic Eoghain a rugadh agus a tógadh in Craigavon, Co. Ard Mhacha. Thosaigh sí ag foghlaim an veidhlín chlasaicigh nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois. Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh sí ag foghlaim ceol traidisiúnta agus tá an dá mhodh ar a toil aici. Lean sí air aghaidh lena cuid oideachas ceoil faoi stiúir Michael d’Arcy, agus bhain sí gradam B.Ed Mus amach i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, amach. I dteannta leis sin, tá céim mháistreachta sa gceol traidisiúnta aici ó Dháimh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil, Ollscoil Luimnigh. Is iarbhall í den Clare Memory Orchestra, The National Folk Orchestra of Ireland agus den bhanna céilí An Trióg. Chaith sí seal ag taisteal go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Bíonn sí ag teagasc go rialta ag Scoil Éigse Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus ag moltóireacht ag fleánna cúige agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá cónaí ar Erin ar an Spidéal lena fear céile, Seosamh Ó Neachtain, agus a gclann óg.

Previous
Previous

Sorcha Ní Mhonacháin

Next
Next

Seán Lennon