Seol chugainn do chuid eolais.
Is togra pobalbhunaithe é Taisce Chois Fharraige agus ba mhór againn tuairimí agus ionchur na n-úsáideoirí. I dteannta a chéile is fearr muid.
1. Má tá eolas agat i dtaca le hábhar an tsuímh, ba bhreá linn cloisteáil uait. Is obair leanúnach í seo agus beidh uasdátú á dhéanamh ar an ábhar de réir a chéile. Bheadh an-suim againn i bpictiúir agus in ábhar cartlainne nach bhfuil fáil orthu in áiteanna eile.
2. Fáiltíonn muid freisin roimh aiseolas, bíodh sé dearfach nó diúltach! Más mian leat leasuithe nó ceartúcháin a mholadh, bí i dteagmháil linn.
3. Dá mba mhian leat cabhrú leis an togra seo trí shíntiús a chur ina threo, is muid a bheadh buíoch. Tabharfar aitheantas do chuile shíntiús.
4. Tá beannacht na n-oirfideach agus a muintir faighte i dtaca leis an ábhar ar fad atá ar an suíomh seo. Má cheapann tú go sáraíonn aon chuid den ábhar cúrsaí cóipchirt nó go bhfuil eolas ann a ghoillfeadh ar dhaoine, cuir scéal chugainn agus réiteoidh muid an deacracht a luaithe agus is féidir.